
|
Home |
|
Profile |
|
Gaeilge |
|
Exhibitions |
|
Blog |
|
Links |
|
Contact |
|
Blag Nua! Thosnaigh mé Blag nua i Mí Iúl, 2010 agus tá súil agam scéalta i nGaeilge a chur air ó am go h-am. Tá cnapa nua ( Blog ) le feiscint anois ar an dtaobh chlé nó is féidir leat cliceáil anseo. Caoineadh/Elegies i gCaisleán an Bharraigh, Lúnasa, 2008 Bhí oíche iontach againn i gCaisleán an Bharraigh ag tús mí Lúnasa, 2008 nuair a d’oscail Treasa Ní Cheannabháin an taispeántas Caoineadh/Elegies dom in ionad ealaíne an Linenhall. Tá an-bhaint ag Treasa leis an Ireland Palestine Solidarity Campaign agus b’in é an fáth a d’iarr mé uirthi teacht ar dtús ach, mar is eol do chách, is amhránaí ar an sean nós í chomh maith agus is ise a chum an amhrán: “Ali” faoi dhílleachtín ón Iaráic. (Canann a h-iníon Róisín Elsafty “Ali” ar an dlúthdhiosca “Má bhíonn tú liom, bí liom”). Bhuel, ba mhór an onór domsa go dtáinig Treasa agus a fear chéile, an Dr.Elsafty, agus triúr dá chlann (agus colcheathrar freisin) chuig an oscailt oifigiúil. Tar éis na ‘speeches’, chas Zahrah agus Naisirín Elsafty “Ali” dúinn agus chuir siad gliondar ar chroí ghach duine a bhí ann! Bhí sé an-dheas go raibh meascán de dhaoine as tíortha éagsúla ann ag an oscailt, agus 3 theangachaí éagsúla á labhairt — Bhí Gaeilgeoirí ann, Béarlóirigh, daoine ón Éigipt, ó Shasana, ón Alban, ón Ghearmán agus ó Mheiriceá... Tá mé an-bhuíoch as an tacaíocht a fuair mé ó am go h-am ó Bhord na Gaeilge/Foras na Gaeilge agus Gael Linn. Leabhar na Bliana 2007 Fógraíodh gearrliosta Chomórtais Litreartha an Oireachais do Ghradam Uí Shúilleabháin - Leabhar na Bliana 2007 ag ócáid speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, dé Máirt, an 19ú lá de mhí Meán Fómhair, 2007. Bhí Aiséirí / Requiem ar an ngearrliosta sin ! Tá 24 dánta le Ciarán Ó Coighligh san leabhar seo agus 24 ghrianghrafanna den ealaín a bhí sna cillíní i bPríosún Chill Mhaighneann i 2005. Tá aiste faoin dtaispeántas freisin le Brenda Moore McCann Fógraíodh an buaiteoir ag Oireachtas na Gaeilge i gCathair na Mart i mí na Samhna, 2007 ach níor bhuaigh muid. Mo Scéal Fhéin Rugadh i mBaile Átha Cliath mé i 1959. Bhí m-athair Piaras agus mo mháthair Móna ag obair sa Stáitseirbhís, agus nuair a phós siad, chinn siad ar an chlann a thógaint le Gaeilge. Bhí deichniúr againn ann. Chuaigh na buachaillí ar scoil i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, agus na cailíní i Scoil Chaitríona agus Coláiste Íosagáin. Rinne mé an Ard Teist san bhliain 1977. Tá mé pósta le Fionnuala Rockett ón bhliain 1988. D’fhás sise suas i gCill Mochua i ndeisceart Chontae Chill Chainnigh. Tháinig sí go Baile Átha Cliath i 1981. Chas muid le chéile i gCumann Naomh Uinsionn de Pól (Comhaltas Mhuire gan Smál – comhaltas iarscoláirí Choláiste Mhuire). Tá mé ag obair mar ealaíontóir go lán aimsearach anois ó 1991. Déanaim iarracht de ghnáth teidil i nGaeilge a chur ar mo chuid oibre. Tá mé an-bhródúil as ár gcultúr Gaelach agus ceapaim go bhfuil sé iontach támhachtach sna laethanta seo é a chaomhnú. |

|
Mise agus Fionnuala i mí Marta, 2008 |